D’imir na cailíní ar fhoireann peile na scoile i bPáirc an Chrócaigh i mí na Samhna. Ghlac na cailíní páirt i gcraobh mar chuid de Chumann na mBunscol Áth Cliath.
Bhí aimsir lofa acu ar an lá, ach bhí cluiche iontach ag na cailíní ó Ghaelscoil Ros Eo. Faraor, ní raibh an bua ag foireann na scoile ar an lá, ach d’éirigh thar barr leo!
Gan dabht beidh na cailíní ar ais sa chraobh an bhliain seo chugainn arís agus b’fhéidir go mbeidh an bua acu i bPáirc an Chrócaigh freisin!